← Chaith (Naomh) Pádraig an lá sin i bhfochair Chaoilte, gur mhínigh sé soiscéal Nimhe dó. 🔊✎
← Chuir Caoilte a lámh i mbos a scéith agus thug amach trí chaoga unsa de dhearg-ór gur bhronn ar Phádraig é. 🔊✎
← "Tiarna fial a bhí i bhFionn", arsa Pádraig. 🔊✎
← Ba linn mar an gcéanna baile i ngach tuath, teach i ngach baile agus coileán con nó gadhar i ngach teach". 🔊✎
← "Shuíodh Fionn ina bhoth seilge i mullach cnoic de ghnáth agus scaipeadh na Fianna amach ar fud na dúiche timpeall air. 🔊✎
← Bhí taoiseach naonuair i gceannas ar gach buíon, dhá shleagh agus scian ag gach fear agus cú nó gadhar ar iall. 🔊✎
← Chuirtí na giollaí le cuid den seilg go tulaigh éigin a bheadh i gcomhair tine agus uisce. 🔊✎
← Dhéanaidís dhá pholl nó clais sa talamh i gcré bhuí agus líonaidís le huisce iad. 🔊✎
← Gan teitheadh roimh naonúr laoch i dtroid. 🔊✎
← Sciath agus bata coill a thabhairt leis agus seasamh i log talaimh go gcaithfeadh naonúr laoch a sleátha naoi n-uaire leis in éineacht, agus dá loitfeadh urchar sleá é thar a sciath agus a bhata coill, ní raibh glacadh sna Fianna leis. 🔊✎